TEASTAS I MÚINEADH NA GAEILGE (CERTIFICATE IN TEACHING IRISH)
- Qualification
- Teastas I Múineadh Na Gaeilge (Certificate In Teaching Irish)
- CAO/MU Apply code
- MH71C
- Award Type and NFQ level
- CERTIFICATE LEVEL 6
- Study Mode
- Part time
- Closing Date
- 13 May 2026
Overview
Cúrsa ar líne atá anseo atá dírithe ar na riachtanais atá ag múinteoirí atá ag múineadh na Gaeilge aon áit ar domhan ag leibhéal ranga meánscoile, ollscoile nó aosoideachais (múineadh ar líne san áireamh). Pléifidh an cúrsa le modheolaíochtaí teagaisc nuálacha, leis an dea-chleachtas i múineadh teangacha agus le scileanna praiticiúla don seomra ranga. Gheobhaidh rannpháirtithe smaointe agus straitéisí nua maidir le múineadh na scileanna cumarsáide. Tá sé oiriúnach dóibh siúd nach bhfuil aon taithí teagaisc acu, dóibh siúd ar bheagán taithí, agus dóibh siúd atá ag múineadh na Gaeilge le fada ach atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna.
Cúrsa páirtaimseartha ar líne atá i gceist a mhairfidh bliain acadúil. Is ar líne a bheidh ábhar an chúrsa á sheachadadh agus freastalóidh rannpháirtithe ar cheardlanna agus ar chruinnithe ar líne chun tacú leo dul i ngleic leis an ábhar. Beidh cleachtadh teagaisc mar chuid den chúrsa chomh maith agus beidh deis ag rannpháirtithe tacaíocht agus aiseolas pearsanta a fháil maidir lena gcuid teagaisc.
Course structure
Duration: Bliain amháin acadúil (páirtaimseartha)
Location: Cúrsa ar líne
Déanfaidh mic léinn an chúrsa seo ceithre mhodúl:
- Cleachtadh teagaisc
- Fillteán foghlama
- Múineadh & foghlaim na Gaeilge
- An teagasc machnamhach
Disclaimer
The modules below are indicative of the content associated with this course of study.
The modules are subject to change as the curriculum is revised and reviewed annually.
Important: The information on this page is for prospective students, MU current students and staff should use Programme Directory.
Careers
Tá an cúrsa seo ina bhuntáiste dóibh siúd atá ag iarraidh Gaeilge a mhúineadh do dhaltaí meánscoile, do mhic léinn tríú leibhéal, agus d'fhoghlaimeoirí fásta atá ag iarraidh cur lena scileanna teagaisc agus pleanála, agus atá ag iarraidh smaointe agus straitéisí nua chun a gcuid ranganna a dhéanamh níos gníomhaí agus níos éifeachtaí dá gcuid foghlaimeoirí.
Entry Requirements
Beidh ar iarrthóirí a léiriú go bhfuil caighdeán ar leith Gaeilge acu chun go mbeidh siad i dteideal áit a fháil ar an gcúrsa, chomh maith leis na scileanna cumarsáide agus teicneolaíochta cuí chun a bheith in ann obair an chúrsa a chomhlíonadh. Chuige sin, beidh scrúdú iontrála (scríofa agus cainte) agus agallamh i gceist ar líne. Beidh an scrúdú bunaithe ar scrúdú TEG B2 (Meánleibhéal 2). Cuirfear treoracha ar fáil maidir leis na scrúduithe agus an t-agallamh nuair a bheidh na hiarratais próiseáilte.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas iontrála, cliceáil anseo: https://www.maynoothuniversity.ie/larionad-gaeilge-centre-irish-language/teastas-ar-l-ne-i-m-ineadh-na-gaeilge-d-aosaigh
How to apply
Beidh an fhoirm iarratais ar fáil anseo go luath. Idir an dá linn, má tá aon cheist agat faoin gcúrsa, seol ríomhphost chuig ailin.nichonchuir@mu.ie